Rialachas
Déanann bord QQI cinntí faoi bheartais agus príomhfheidhmeanna QQI ar nós:
- Ceadú gach beartais agus cur chuige i leith beartais
- Pleanáil straitéiseach, pleanáil chorparaideach agus ceadú na gcuntas bliantúil.
- Ceadú na ráiteas airgeadais
- Ceadú nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta a aistarraingt
- Bailíochtú cláir a aistarraingt
- Údarás a tharmligean do sholáthraí chun dámhachtainí a dhéanamh
- Údarás tarmligthe chun dámhachtainí a dhéanamh a aistarraingt nó a éagsúlú
Is é an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta a cheapann baill neamhfheidhmiúcháin an bhoird. Caithfidh beirt ionadaithe foghlaimeora agus duine amháin ar a laghad a bheith taithí idirnáisiúnta aici/aige bheith ina measc. Do thréimhse cúig bliana a cheaptar an bord.
Ceanglaítear ar bhord QQI agus fostaithe QQI cloí leis an gCód Iompair.
Cuidíonn roinnt coistí fo-bhoird le rialachas acadúla agus príomh-réimsí rialachais eile: