Cairt do Chustaiméirí
Is é ár gcairt do chustaiméirí ár dtiomantas seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar. Seo na rudaí a dhéanaimid sa chairt:
- míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé mar aidhm againn an tseirbhís agus an taithí is fearr is féidir a thabhairt duitse, ár gcustaiméirí;
- déanaimid cur síos ar ár ngealltanais agus ar ár bhfreagrachtaí duit;
- liostaímid na bealaí éagsúla ar féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus a insint duit conas a thabharfaimid freagra ar d’iarrataí;
- déanaimid cur síos ar conas is féidir leat moladh, aiseolas agus tuairimí a thabhairt;
- mínímid conas is féidir leat gearáin a chur isteach nuair a bhraitheann tú nár chomhlíon ár seirbhís na caighdeáin a bhfuil súil agat leo;
- tugaimid breac-chuntas ar do chearta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus ar an tslí ar féidir leat iarratas a dhéanamh; agus
- glacaimid treoir ó 12 Phrionsabal Treoracha ar mhaithe le Sársheirbhís do Chustaiméirí atá leagtha amach in Ár nEarnáil Phoiblí 2020.
Inár gCairt do Chustaiméirí agus inár bPlean Gníomhaíochta do Chustaiméirí, déanaimid cur síos níos mionsonraithe ar an gcaoi a ndéanaimid gach gné dár ngealltanais do chustaiméirí a sheachadadh, a thomhas agus a fheabhsú.
Má theastaíonn comhairle nó cúnamh uait maidir le haon ábhar a bhaineann le seirbhís do chustaiméirí, déan teagmháil linn trínár gcóras QHelp